Sona
Lyrics
by Mick O'Brien
English
translation - Click here
Ag
breacadh an lae do chumar ag siúl
aoibhneas an tsaoil amach romhainn
clocha draíochta chomh geal lenár súile
casán ag glioscarnach dúinn
Suaimhneas
na coillte is ceol inár gcroithe
macalla fuaim an tsrutháin
duilleoga fómhar mar ghuth ar an ngaoth
sé nádúr is cúis lenár ngrá
A`Taisteal
sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
réalta geala eolais ag lonradh don rí
A`Taisteal sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
clocha bána ag lasadh ár slí
Anois
tá réalta a`rince sa spéir
is an saol ina gholadh go sámh
aislingi áille i ngairdín mo rún
brionglóidí thart orainn ar snámh
Súile
síor lasta le solas
súile faoi gheasa na rún
taibhreamh ar sheoda an ghairdín
iontais nach sceithfear go buan
A`Taisteal
sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
réalta geala eolais ag louradh don rí
A`Taisteal sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
clocha bána ag lasadh ár slí
© 1999 Universal Music Norway